Tá fáilte curtha ag an Taoiseach Leo Varadkar roimh chinneadh pharlaimint na Breataine glacadh i bprionsabal leis an gcomhaontú aistarraingthe maidir le himeacht na tíre as an Aontas Eorpach.

Vótáil 329 feisire ar a shon agus 299 ina aghaidh, ach vótáil móramh in aghaidh an mholaidh go nglacfaí le gach céim den bhille sa pharlaimint faoi thráthnóna amárach.

D'fhógair an Príomh-Aire Boris Johnson nach ndéanfadh sé tada anois nó go bhfeicfidh sé an gceadóidh an tAontas Eorpach síneadh eile ar an dáta imeachta.

I dteachtairacht Twitter a d'fhoilsigh sé aréir, dúirt an Taoiseach go bhfanfadh an Rialtas anseo go bhfeicfidh siad féin céard a tharlós i Londain agus sa Bhruiséil.

Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk go bhfuil sé i bhfabhar síneadh a chur leis an dáta imeachta.