Caillfidh suas le 500 duine a bpoist nuair a dhúnfar monarcha an chomhlachta leictreonaice Molex Ireland i Sionainn, Co an Chláir, ag deireadh na bliana seo chugainn. 

Dúirt an comhlacht leis an bhfoireann tráthnona gur de réir a chéile a chuirfear deireadh leis an obair sa mhonarcha as seo go Nollaig 2020. 

Dúirt siad go ndearnadh an cinneadh tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na táirgí leictreonacha a dhéantar sa mhonarcha. 

Bunaíodh an mhonarcha i Saorphort na Sionainne sa bhliain 1971 agus tá sé ar an bhfostóir is mó sa réigiún. 

Deich mbliana ó shin, scaoil an comhlacht thart ar 100 duine chun bealaigh agus gearradh pá na n-oibrithe mar nach raibh an oiread éilimh ar a dtáirgí agus a bhíodh.