Tá leithscéal foirmiúil gafa thar ceann an Stáit ag an Taoiseach sa Dáil le mná a fuair torthaí míchearta ar scagthástalcha ceirbheacs a rinneadh orthu.

Ghabh sé leithscéal "faoin náire, faoin dímheas agus faoin gcalaois" a d'fhulaing siad de bharr na conspóide.

Mhaígh an Taoiseach go raibh an leithscéal á ghabháil aige tar éis dó éisteacht le scéalta na mban agus leis an méid a bhí le rá i dtuarascáil Scally ar an gconsóid. 

Dúirt sé go raibh leithscéal ag dul dóibh siúd ar scriosadh a saol agus dóibh siúd ar chóir go mbeadh toradh difriúil ar a gcás.

Ghabh sé leithscéal as na teipeanna ar fad - idir rialachas cliniciúil, cheannasaíocht agus bhainistíocht.

Cúis aiféala a bhí ann nár insíodh an fhírinne iomlán in am, a dúirt sé. Ghabh sé leithscéal chomh maith as as na hiarrachtaí a rinneadh an dallamullóg a chur ar chuid de na mná. 

Os cionn 200 bean a raibh ailse cheirbheacs orthu a fuair torthaí míchearta. Cailleadh roinnt acu ó shin.

Nuair a fuarthas amach go raibh na torthaí míchearta tugtha do na mná, scrúdaíodh a gcuid smearthaí arís.

Níor inis an tSeirbhís Náisiúnta Scagthástála do na mná go ndearnadh na scrúduithe seo, áfach, ná go bhféadfadh cóir leighis a bheith curtha ar chuid acu níos túisce ná mar a bhí.

Tháinig an chonspóid chun cinn i mí Aibreáin anuraidh nuair a shocraigh duine de na mná, Vicky Phelan, a cás cúitimh san Ard-Chúirt.

Vicky Phelan

Bhí thart ar 150 duine atá thíos leis de bharr na conspóide i láthair sa Dáil inniu leis an leithscéal a chloisteáil - cuid de na mná iad féin, a dteaghlaigh agus a gcairde.

Dúirt an Teachta Dála Bríd Smith ó Phobal Seachas Brábús le Nuacht RTÉ/TG4 go léirítear sa tuarascáil iniúchta ar an ábhar go ndearnadh níos mó dearmad i saotharlanna thar lear ná mar a rinneadh sa tsaotharlann in Ospidéal an Choim i mBaile Átha Cliath: 

"Cuirim fáilte roimh an leithscéal seo ach cuirim féin an locht ar an Rialtas, ag tabhairt na hoibre seo do chomhlachtaí príobhaideacha ar fochonradh.

Léiríonn tuarascálacha ar an ábhar seo go ndearnadh i bhfad níos mó botún i saotharlanna príobháideacha ná mar a rinneadh in Éirinn in ospidéil phoiblí.

Ní fiú an leithscéal seo a ghabháil mura bhfuil an Rialtas sásta a gcuid cleachtas a athrú."

Scéal Emma Mhic Mhathúna