Dúirt Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson go dtarraingeoidh sé siar an margadh a rinne sé faoi scaradh na tíre ón Aontas Eorpach agus go ngairmeoidh sé olltoghchán mura nglacfaidh parlaimint Westminster lena chlár ama don bhille Breatimeachta. 

Tá an freasúra ag cur in aghaidh an chláir ama atá leagtha amach don bhille ar an mbonn, a deir siad, go bhfuil sé i bhfad róghearr.

Ag labhairt dó sa pharlaimint inniu, dúirt Boris Johnson go gcaithfidh an Bhreatain imeacht as an Aontas Oíche Shamhna má táthar leis an margadh atá déanta a chur i bhfeidhm.

Dúirt sé nach raibh sé sásta ligean don phróiseas leanacht ar aghaidh go ceann roinnt míonna eile. 

An margadh a tharraingt siar agus olltoghchán a ghairm an t-aon réiteach air seo, a dúirt sé. 

Dúirt ceannaire Pháirtí Lucht Oibre na Breataine Jeremy Corbyn go vótálfaidís in aghaidh an mhargaidh agus an chláir ama. 

Caithfear vóta sa pharlaimint anocht ar an gclár ama.