Tá imní i gCo an Chláir go bhféadfadh níos mó ná 400 post a bheith i mbaol i monarcha Molex Ireland a tháirgíonn earraí leictreonacha i Saorphort na Sionainne.

Tá bainistíocht an chomhlachta le labhairt leis an bhfoireann tráthnóna agus tuairiscítear nach dea-scéal a bheas acu dóibh.

Bunaíodh an comhlacht i Sionainn sa bhliain 1971 agus tá sé ar an bhfostóir is mó sa réigiún. 

Deich mbliana ó shin, scaoil an comhlacht thart ar 100 duine chun bealaigh agus gearradh pá na n-oibrithe mar nach raibh an oiread éilimh ar a dtáirgí agus a bhíodh.