Deir Cumann na bhFeirmeoirí go bhfuil drochbhail curtha ag an aimsir fhliuch ar bhaint na bhfataí sa tír seo i mbliana.

Mar gheall ar an díle bháistí a bhí ann le cúpla mí, níl bainte go dtí seo ach an tríú cuid de na fataí. 

Deir an Cumann gur cheart go mbeadh a dhá oiread fátaí bainte faoin tráth seo agus go bhfuil an baol ann go bhfágfar sa talamh go leor acu mura bhfeabhsóid an aimsir.

Tá an-imní freisin faoi arbhar an gheimhridh, mar go bhfuil an talamh ró-fhliuch leis an tsíol a chur.

Meastar nach bhfuil curtha ach 15% den bharr arbhair go dtí seo.