Tá fear os cionn tríocha bliain d'aois gafa ag na Gardaí i bPort Láirge tar éis don Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla carrannna, airgead tirim agus drugaí a thógáil nuair a chuardaigh siad roinnt áiteanna sa chathair ar maidin. 

Gardaí ón mBiuró, chomh maith lena gcomhghleacaithe ón aonad tacaíochta faoi airm agus lucht custaim a bhí i mbun cuardaigh. 

Dhá charr den déanamh Volkswagen, €1,000 in airgead tirim, cócaon, MDMA agus cannabas luibhe a tógadh. 

Deir na Gardaí gur cor suntasach é seo sna fiosrúcháin leanúnacha atá ar bun acu faoi choiriúlacht i réigiún Phort Láirge.

Tá an fear a gabhadh á cheistiú i stáisiún Gardaí Phort Láirge.