Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker go raibh gach arbh fhéidir leo déanta ag an Aontas Eorpach le cinntiú go mbeadh ord agus eagar ar imeacht na Breataine as an Aontas.

Dúirt sé nach gcuirfeadh an tAontas Eorpach an margadh a rinneadh faoi scaradh na Breataine i bhfeidhm go dtí go mbeadh sé ceadaithe ag parlaimint Westminster i dtosach.

Ag labhairt dó i bParlaimint na hEorpa i Strasbourg, mhaígh Jean-Claude Juncker freisin gur diomailt aimsire agus brí a bhí sa Bhreatimeacht. 

Dúirt sé go raibh aiféala air fós go raibh rún ag an mBreatain dealú ón Aontas Oíche Shamhna. 

Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk nach raibh aon chinneadh déanta go fóill faoi iarratas na Breataine ar shíneadh ar an dáta imeachta.

Thug sé le fios go raibh an t-iarratas á phlé le ceannairí na mballstát agus go raibh go leor ag brath ar imeachtaí i bparlaimint Westminster.