Tháinig dlí nua i bhfeidhm ag meánoíche a cheadaíonn an ginmhilleadh agus an pósadh comhghnéis sa Tuaisceart.

Rialtas na Breataine a thug an reachtaíocht isteach mar nach bhfuil feidhmeannas Stormont i mbun oibre le dhá bliain go leith.

Rinne an DUP iarracht bac a chur ar an reachtaíocht nua nuair a thug siad a gcuid feisirí comhthionóil le chéile i Stormont inné den chéad uair ó thús na bliana 2017.

B'éigean an comhthionól a scor de bharr nach raibh feisirí Shinn Féin ná an Alliance i láthair. Níor ghlac an SDLP páirt sa díospóireacht. 

Tugadh na dlíthe ginmhillte isteach sa Bhreatain sa bhliain 1967 ach níor cuireadh i bhfeidhm sa Tuaisceart iad go dtí anois. 

Coir a bhí sa ghinmhilleadh sa Tuaisceart roimhe seo.