Cuireadh faoi deara do dhá eitleán a bhí ag taisteal as an Eoraip go dtí Stáit Aontaithe Meiriceá tuirlingt ag Aerfort Bhaile Átha Cliath inniu mar gheall ar eachtraí éagsúla éigeandála a bhí ar bord gach aon cheann acu.

Bhain tinneas do dháréag paisinéirí agus do bheirt fhreastalaithe a bhí ar eitleán as Londain go Philadelphia nuair a ghoill ábhar glantacháin orthu. 

Bhí an dara heitleán faoi bhealach as Páras go North Carolina nuair a buaileadh tinn duine de  na paisinéirí.