Tá diúltaithe ag spéicéir pharlaimint Westminster d'iarratas Rialtas na Breataine go gcaithfí "vóta a mbeadh éifeacht leis" ar an margadh a rinne an Príomh-Aire Boris Johnson faoi imeacht na tíre as an Aontas Eorpach. 

Dúirt an spéicéir John Bercow gur athrá agus mí-ord an toradh a bheadh ar a leithéid de vóta a cheadú.

Bhí an pharlaimint le vótáil ar an margadh arú inné ach ní dheachthas chun cinn leis tar éis do na feisirí leasú a mhol duine acu a rith. 

Faoi leasú an fheisire Oliver Letwin, ní féidir vóta a chaitheamh ar an margadh go dtí go mbeidh an reachtaíocht a eascrós as rite. 

Mhaígh John Bercow inniu nach bhféadfadh sé an vóta a cheadú inniu mar nach mbeadh ann ach athrá ar imeachtaí an tSathairn.  

Dúirt sé go bhféadfadh Rialtas na Breataine iarracht a dhéanamh an reachtaíocht chuí a rith in áit vóta díreach ar an margadh a lorg.