Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfadh an Ceann Comhairle measúnú neamhspleách ar an gcaoi a gcaithear vótaí sa Dáil agus go bhfoilseofaí a thuarascáil chomh luath agus ab fhéidir. 

Tarraingíodh conspóid le cúpla lá nuair a tháinig sé chun solais gur vótáil Teachtaí Dála ó Fhianna Fáil ar son Teachtaí eile nach raibh i láthair sa Dáil ag an am. 

Thug Charlie Flanagan le fios go raibh sé "beagáinín míchuí" nuair a rinne sé féin a leithéid san am atá caite. Dúirt sé mar sin féin nach ngabhfadh sé leithscéal faoi.

Dúirt an tAire Flanagan nuair a bhíonn vóta ar bun sa Dáil go ndúntar na doirse tar éis ocht nóiméad agus nach bhfuil cead ag aon duine teacht isteach agus vóta a chaitheamh ina dhiaidh sin.

Sin í príomhcheist an scéil seo, a dúirt sé.