Shiúil feisirí i gcomhthionól Stormont amach as an áit ar maidin de bharr a míshásaimh faoi dhlíthe nua ginmhillte sa Tuaisceart. 

Bhí cuid d'fheisirí an chomhthionóil tagtha le chéile den chéad uair le dhá bhliain go leith chun na dlíthe nua a phlé. 

Tá an ginmhilleadh agus an pósadh comhghnéis le ceadú sa Tuaisceart ó mheánoíche mura mbunófar an feidhmeannas an athuair roimhe sin. Tá an feidhmeannas agus an comhthionól scortha ó thús na bliana 2017. 

Níor chaith na feisirí ach 35 nóiméad sa chomhthionól ar maidin. Shiúil an DUP amach nuair a dhiúltaigh an Spéicéir d'iarratais an pháirtí an seisiún a chur ar fionraí le go bhfaighfí comhairle dlí faoin reachtaíocht nua. 

Dúirt ceannaire an DUP go ndéanfaidh an páirtí gach ar féidir leo chun cur in aghaidh na reachtaíochta.

"Geamaireacht" agus "cleas polaitiúil" atá tugtha ag Sinn Féin, an SDLP agus páirtí an Alliance ar an seisiún inniu.