Léiríonn faisnéis atá foilsithe inniu ag an Údarás um Ard-Oideachas gur mó seans atá ag daoine óga a bhfuil airgead ag a muintir dul chuig coláistí tríú leibhéal.

Seo an chéad uair ar foilsíodh figiúirí chomh mion i dtaca le haicmí socheacnamaíochta scoláirí tríú leibhéal. 

Léiríonn an taighde go saothraíonn mic léinn ar daoine deisiúla a muintir tuarastail níos fearr chomh luath agus a cháilíonn siad ná daoine eile.

Ar an meán, íoctar 30% níos mó le céimithe rachmasacha thar mar a íoctar lena macasamhla a bhfuil na cáilíochtaí céanna acu.