Tá Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson le tacaíocht na parlaiminte i Westminster a lorg inniu don mhargadh faoi imeacht na tíre as an Aontas Eorpach.

Is cosúil, áfach, nach gceadóidh an Spéicéir John Bercow an vóta.

D'fhéadfadh sé a rialú gur athrá a bheadh i ndíospóireacht an lae inniu ar an bplé a rinneadh sa pharlaimint Dé Sathairn seo caite.

Sa chás sin, tuigtear go bhféachfaidh an rialtas leis an vóta cinniúnach a thógáil amárach.

Deir Páirtí Lucht Oibre na Breataine go bhféachfaidh siadsan le leasú a thabhairt isteach a chinnteodh go ngairmeofaí an dara reifreann ar an dealú ón Aontas Eorpach.