Tá sé deimhnithe ag ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin nach gcuirfear an Teachta Dála Lisa Chambers ar fionraí ó bhinse tosaigh an pháirtí. Is í urlabhraí Fhianna Fáil ar chúrsaí Breatimeachta í Lisa Chambers.

Dúirt Micheál Martin go nglacann sé le leithscéal an Teacha Chambers faoi vóta a chaitheamh ar son leascheannaire an pháirtí Dara Calleary sa Dáil an tseachtain seo caite. 

Níos túisce ar maidin, dúirt Lisa Chambers go nglacann sí leis go ndearna sí dearmad nuair a vótáil sí ar son Dara Calleary. Mhaígh sí gur de thaisme a chaith sí an vóta Déardaoin seo caite. 

Ag labhairt di ar RTÉ, dúirt sí gur cheart di áiritheoir sa Dáil a chur ar an eolas ach nár bhac sí leis sin mar gur cailleadh an rún le móramh mór. 

Dúirt sí freisin gur inis sí do Dara Calleary an lá sin faoin mbotún a bhí déanta aici ach gur dóichí gur ghlac seisean leis go raibh an t-áiritheoir curtha ar an eolas aici.

Dúirt sí go bhfuil a suíochán féin sa Dáil fíorchosúil le suíochán Dara Calleary agus gur shuigh sí ina cheannsa de dhearmad. 

Nuair a thuig sí céard a bhí déanta aici, a dúirt sí, bhog sí go dtína suíochan féin agus chaith sí vóta arís. Tá taifead an vóta curtha ina cheart ó shin aici, a dúirt sí, agus an Ceann Comhairle curtha ar an eolas. 

Tá an scéal pléite aici le ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin chomh maith, a dúirt sí. 

Arú inné, d'admhaigh Teachta Dála Fhianna Fáil Niall Collins gur vótáil sé ar son an Teachta Timmy Dooley Déardaoin seo caite freisin.

Tá an bheirt curtha ar fionraí ó bhinse tosaigh an pháirtí ag Micheál Martin dá bharr.