Tá na scórtha mílte daoine, atá in aghaidh an Bhreatimeacht, ag freastal ar agóid agus ag plúchadh  shráideanna Westminster Londain.

Tuigtear go mbeidh Parlaimint na Breataine ag éileamh síneadh ama ar lá imeachta na Breataine as an Aontas Eorpach i ndiaidh do mhóramh na bhfeisirí glacadh le leasú Oliver Letwin, MP.