Tuairiscíonn an BBC go mbeidh Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson faoi dhíspeagadh cúirte muna scríobhann sé litir chuig Coimisiún na hEorpa ag lorg síneadh ama ar dháta imeachta na Breataine as an Aontas Eorpach ar an 31ú Deireadh Fómhair.

De réir dlí ar feidhmíodh, bunaithe ar Acht tiomnaithe do pholaiteoir Phairtí an Lucht Oibre, Hilary Benn, MP, inniu an sprioc don vóta bheith caite ar aon socrú a bheadh déanta. 

Ach, anois os rud é gur glacadh le leasú Letwin, ag cur moille le vóta ar an socrú úd, caithfear litir a scríobh tráthnóna. Vótáil 322 ina fhábhar agus 306 ina aghaidh.

Bhí sé ráite go neamhbhalbh Déardaoin ag Donald Tusk agus Jean-Claude Juncker araon nach bhféadfaí glacadh leis go dtoileodh na 27 mballstat eile san AE d'iarratas ar shíneadh ama. Glactar leis go forleathan, gur caolsheans go dtabharfaidh an tAE faoi athbhreithniú ar an socrú ata déanta. 

Fágann sé sin an DUP, a vótail i bhfábhar leasú Letwin, ag cnagadh ar dhoras sa Bhruiséal atá curtha faoi ghlas daingean agus iad ag iarraidh geallúintí faoi sheasamh Thuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe a dhaingniú. 

Chinntigh 10 vóta an DUP gur bhuaigh leasú Letwin. 

Cuirfear reachtaíocht a thabharfadh feidhm don socrú atá déanta ag an Bhreatain leis an Aontas Eorpach os comhair Pharlaimint Westminster Dé Luain. Seo a dúirt ceannaire na Parlaiminte, Jacob Rees-Mogg agus dúirt go gcuirfí vóta ar an socrú os comhair na parlaiminte Dé Máirt. 

Níl fhios fós áfach, cén luach a bheadh ar an gclar oibre seo muna dtoilíonn an AE le síneadh ama a cheadú. Bhí sé intuigthe nach gceadófaí a leithéid de shíneadh muna mbeadh olltoghchán nó reifreann tugtha mar chúis.