Glacadh le leasú Oliver Letwin i vóta a caitheadh i bParlaimint Westminster. Ghlac 322 leis an leasú, dhiúltaigh 306. Ciallaíonn an leasú seo, nach féidir feidhm bheith le haon socrú sula mbíonn an reachtaíocht chuí lena fheidhmiú ina dhlí roimhré. 

Nigel Dodds, MP, DUP


Dúirt Nigel Dodds gur vótáil an DUP i bhfábhar an leasaithe, ar an gcúis go mbronann sé deis eile an socrú Breatimeachta a rinne an Príomh-Aire a leasú chun tairbhe Thuaisceart Éireann.

Hilary Benn, MP


Go bunúsach, ciallaíonn sé nach féidir leis an Bhreatain scarúint ón Aontas Eorpach gan socrú bheith faomhtha agus tacaíonn sé leis an reachtaíocht ar a dtugtar Acht Hilary Benn.