Tá súil le vóta a chaitheamh i bparlaimint Westminster ar an socrú a dheimhnigh Príomh-Aire na Breatine Boris Johnson leis an Aontas Eorpach Déardaoin seo caite.

320 vóta an sprioc le vóta a bhaint - agus bheadh sé ar an gcéad vóta buaite ag an bPríomh-Aire Johnson ó ghlac sé ceannas ar an bParlaimint.

Faoi láthair, táthar ag tuar 310 i bhfábhar, 302 i gcoinne agus 27 nach bhfuil a n-intinn déanta suas go fóill acu. 

An t-iar Chaomhach, Oliver Leetwin, MP 


Roimhe sin áfach, beidh vóta eile ar leasú Oliver Letwin, MP, roimh sula gcaithfear aon vóta eile. 

Má glactar leis an leasú úd, cinnteofar nach dtiocfadh feidhm le haon vóta eile go dtí go mbeidh reachtaíocht a stopann an Bhreatain an tAontas a fhágaint gan mhargadh ina dhlí. 

Sammy Wilson, MP DUP


Dúirt Sammy Wilson, DUP sa Pharlaimint go ndéanfadh vóta ar son shocrú an Phríomh-Aire Johnson dochar do sheasamh Thuaisceart Eireann sa Ríocht Aontaithe mar go mbeadh eisceacht á ndéanamh ar mhaithe leis na 6 contae. 

Tuairiscítear go bhfuil na scórtha mílte daoine, atá in aghaidh an Bhreatimeachta, ag léirsiú go síochánta taobh amuigh de Phálás Westminster in iarracht polaiteoií a mhealladh malairt treo a ghlacadh.