Tá cruinniú práinneach á lorg ag lucht trádála Ionad Siopadóireachta Dhúglais i gcathair Chorcaí le lucht bainistíochta agus úinéirí an ionaid chun cúrsaí cúitimh agus árachais a phlé tar éis an dóiteáin mhóir ansin mí go leith ó shin.

Scriosadh an carrchlós san ionad ag deireadh Lúnasa nuair a chuaigh carr trí thine. Leath an tine, lasadh tuilleadh feithiclí agus rinneadh damáiste mhór don charrchlós.  

Tá an t-ionad agus os cionn tríocha gnólacht dúnta ó shin.

Deir na trádálaithe nach n-íocfaidh lucht árachais aon chúiteamh leo go mbeidh socrú oifigiúil déanta maidir le hathoscailt an ionaid. Deir siad nach bhfuil aon scéal faighte acu mar gheall air seo ó thús Mheán Fomhair.

Bhí ionad siopadóireachta Dhúglais ar cheann de na láithreacha siopadóireachta is gnóthaí i gCorcaigh.

Tá siopaí ag Tesco, TK Maxx, Marks & Spencer agus trádálaithe móra eile lonnaithe na agus na céadta fostaithe acu.