Tá feidhm ón lá inniu le dleachta nua atá curtha ag na Stáit Aontaithe ar earraí as an Aontas Eorpach - im, cáis, licéir agus earraí muiceola as Éirinn ina measc.

Meastar go gcuirfidh sé seo as go mór do bhrandaí aitheanta na tíre seo cosúil le Baileys agus Kerrygold.

Níos túisce an mhí seo, d'eisigh Rialtas Mheiriceá liosta de na céadta earraí as an Aontas a ngearrfar taraifí nua 25% orthu.  

Is éiric iad na taraifí ar airgead a deirtear a chaill Meiriceá faoi gur thug an tAontas cúnamh airgid don chomhlacht déantúsaíochta eitleán Airbus.

Rialaigh an Eagraíocht Dhomhanda Trádála gur chaill na Stáit Aontaithe thart ar $7.5 billiún in aghaidh na bliana de bharr an chúnaimh sin. 

Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe atá thall i Washington le haghaidh cruinnithe go mbeidh sé ag plé an scéil le hoifigigh Rialtas Mheiriceá féachaint an bhféadfaí socrú éigin eile a dhéanamh d'earraí as Éirinn.