Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar inniu nach bhfuil aon mhargadh eile ar fáil don Bhreatain seachas an ceann a aontaíodh inné leis an Aontas Eorpach. 

Ag labhairt dó ag cruinniú cheannairí na mballstát sa Bhruiséil inniu, dúirt an Taoiseach nach mbeidh aon rogha eile ag an mBreatain ach imeacht as an Aontas gan socrú mura vótálfaidh feisirí parlaiminte i Westminster i bhfabhar an chomhaontaithe. 

Thug Leo Varadkar le fios freisin go mbeadh an tír seo sásta síneadh ama a thabhairt don Bhreatain má dhiúltaíonn an pharlaimint don socrú ach nach in le rá go mbeadh ballstáit eile i bhfách lena leithéid.

Tá an lá inniu á chaitheamh ag Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson ag iarraidh tacaíocht a fháil i bparlaimint Westminster don chomhaontú.

Bhí  cruinniú aige lena chuid airí rialtais inniu agus beidh tuilleadh cruinnithe aige amárach sula dtógfar vóta ar an margadh sa pharlaimint. 

Tá sé ráite ag Boris Johnson go bhfuil sé an-dóchasach go nglacfar leis an socrú ach tá sé tugtha le fios ag an bhfreasúra nár cheart dó talamh slán a dhéanamh de.

Jean-Claude Juncker

Tá foláireamh tugtha ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean Claude Juncker go mbeidh cúrsaí an-chasta má dhiúltaítear don chomhaontú i Westminster.

Má chailleann an Príomh-Aire Johnson an vóta, beidh air de réir dlí síneadh a iarraidh don phróiseas imeachta.

Dhearbhaigh ceannaire an DUP Arlene Foster go vótálfaidh deichniúr feisirí an pháirtí in aghaidh an mhargaidh amárach.

Dúirt an Tanáiste, an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney nach bhfuil aon ní sa socrú atá molta a d'athródh stádas bunreachtúil an Tuaiscirt.

Micheál Martin

Ag labhairt dó le Nuacht RTÉ/TG4, dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go bhfáiltíonn sé roimh an gcomhaontú nua mar nach mbeidh teorainn chrua ar oileán na hÉireann.  

Dúirt sé gur socrú maith atá ann don Tuaisceart mar go mbeidh fáil ag muintir na sé chontae ar mhargaí na Breataine agus an Aontais Eorpaigh araon.  

Dúirt sé ina dhiaidh sin féin go gcothódh an socrú deacrachtaí dúinn amach anseo, go háirithe don chaidreamh trádála idir an Bhreatain agus an Phoblacht:

''Faoin margadh a aontaíodh, imeoidh an Bhreatain as aontas custaim na hEorpa agus as an margadh aonair. Is measa an socrú seo do gnólachtaí beaga na tíre seo ná socrú Theresa May, mar shampla.

Beidh deacrachtaí ag gnólachtaí beaga bia agus ag feirmeoirí gnó a dhéanamh leis an mBreatain. Caithfear gnólachtaí beaga a ullmhú le go mbeidh sé ar a gcumas dul i ngleic leis an socrú nua."

Noel Dorr

Dúirt iarAmbasadóir na hÉireann sa Bhreatain agus sna Náisiúin Aontaithe, Noel Dorr, go mbeidh stadás ar leith ag an Tuaisceart Éireann faoin socrú. 

Beidh an limistéar sin ina lánbhall d'aontas custam na Ríochta Aontaithe chomh maith le haontas custam an Aontais Eorpaigh.  Sin socrú nach bhfuil i bhfeidhm in aon áit eile, a dúirt sé.