Tá sós cógaidh fógartha i dTuaisceart na Siria a deir Leas-Uachtarán Mheiriceá Mike Pence. 

Deir an Leas-Uachtarán gur thángthas ar mhargadh le hUachtarán na Tuirce Recep Tayyip Erdogan maidir le sós cógaidh a chur i bhfeidhm. 

Níos luaithe bhuail Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe le hUachtarán na Tuirce Tayyip Erdogan in Ankara agus d'impigh sé air sós cogaidh a chur i bhfeidhm. 

Tá na Stáit Aontaithe ag iarraidh deireadh a chur le feachtas míleata na Tuirce i gcoinnibh throdairí Coirdíneacha in oirthuaisceart na Siria. Tá breis is 200,000 duine díláithrithe ó oirthuaisceart na Siria. 

Idir an dá linn, bhí slógadh ag Coirdínigh atá ina gconaí in Éirinn i mBaile Átha Cliath agus iad ag impí ar an dTuirc deireadh a chur lena ngníomhaíocht mhíleata in oirthuaisceart na Siria.

Reachtáileadh an slógadh taobh amuigh d'oifigí an Aontais Eorpaigh i mBaile Átha Cliath.