Díreach roimh 11 a chlog ar maidin thug oifigigh san Aontas Eorpach le fios go raibh socrú aontaithe sa Bhruiséil maidir le imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach.

Tuigtear gur éirigh leo teacht ar chomhaontú maidir le cúrsaí custaim agus cáin bhreisluacha. 

Dúirt Uachtarán an Choimsiún Eorpaigh Jean Claude Juncker go mbeidh sé ag moladh do cheannairí an Aontais Eorpaigh tacú leis an socrú nua.

Idir an dá linn, tá sé ráite ag Príomhaire na Breataine Boris Johnson gur socrú nua iontach Breatimeachta atá ann agus gur cheart do Westminster dul ar aghaidh anois agus Breatimeacht a fháil déanta Dé Sathairn chun gur féidir leo bogadh ar aghaidh le hábhair eile. 

Dúirt Príomh-Idirbheartaí an Aontais Eorpaigh Michel Barnier gur socrú cothrom agus réasúnta atá ann.

Triail foighne a bhí sa phróiseas, a dúirt sé.

Inniu dúirt Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn go bhfuil an margadh atá déanta níos measa ná an margadh a bhí déanta ag Theresa May, margadh a bhí diúltaithe ag Teach na dTeachtaí.

Deir Ceannaire an Pháirtí Breatimeachta Nigel Farage nach 'Breatimeacht' atá anseo.

Ar maidin dúirt an Páirtí Aontachtach Daonlathach, an DUP nach féidir leo tacú leis an Socrú Nua Breatimeachta. 

I ráiteas ar maidin, thug ceannaireacht an DUP le fios nach féidir leo tacú leis an méid atá molta maidir le cúrsaí custaim agus comhthola agus deir siad go bhfuil easpa soiléireachta ann maidir le cáin bhreisluacha. Tamaillín ó shin, dúirt an DUP go seasann an ráiteas a rinne siad ar maidin. 

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go dtabharfadh an socrú nua cead don Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágaint ar bhealach a bhfuil ord i gceist leis. Socrú maith atá ann ó thaobh na tíre seo, a dúirt an Taoiseach, mar go ndeánann sé cinnte dho nach mbeidh aon teorainn chrua ar oileán na hÉireann.

Dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar go mbeidh sé ag moladh do chruinniú mullaigh Chomhairle na hEorpa glacadh leis an socrú.

Dúirt an Tánaiste Simon Coveney gur céim mhór chun cinn atá sa chomhaontú nua atá déanta idir Londain agus an Bhruiséil agus dúirt sé go gcosnaíonn an socrú nua leas na hÉireann.

Tá fáilte curtha ag Ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin roimh an socrú nua Breatimeachta ach dúirt sé nach socrú den scoth a bhí ann. Dúirt Micheál Martin go dtugann an margadh suaimhneas don gheilleagar agus go seachnófaí teoraidh chruaidh in Éirinn. 

Faoin margadh nua atá aontaithe, bheadh Tuaisceart Éireann ag cloí le rialacha taraifí an Aontais Eorpaigh tar éis don Bhreatain a críoch chustaim a bhunú agus tiocfaidh feidhm le teorainn chustaim i Muir Éireann dá réir sin.  

I gcás táirgí a thugtar isteach sa Tuaisceart ó thíortha eile Is iad Údaráis na Breataine a ghearrfaidh na taraifí orthu an fhad is a fhanann na tairgí sa Tuaisceart. Ach má sheoltar na táirgí ó dheas isteach sa Phoblacht, is é an tAontas Eorpach a ghearrfaidh na taraifí orthu.

Ní ghearrfar aon taraif ar chor ar bith ar go leor earraí faoin socrú agus beidh an córas custaim níos simplí dá bharr.

Tá tús curtha tráthnóna le cruinniú mullaigh dhá lá de chuid ceannairí bhallstáit an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil, uaireanta an chloig i ndiaidh don Aontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe teacht ar mhargadh maidir le cúrsaí Breatimeachta. 

Tráthnóna ag preas ócáid ag Cruinniú mullaigh na Comhairle Eorpaigh sa Bhruiséil labhair an Taoiseach Leo Varadkar,  Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean Claude Juncker, príomhidirghabhálaí an Aontais Eorpaigh Michel Barnier agus Uachtarán na Comhairle Eorpaigh Donald Tusk. 

Thacaigh ceannairí na hEorpa leis an margadh Breatimeachta atá déanta idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. 

Dúirt na ceannaire gur lá brónach a bhí ann go raibh an Ríocht Aontaithe ag fágaint an Aontais.