Tá deontas €22,500 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Sean Kyne do Chomhairle Chontae Mhaigh Eo chun suíomh nua a roghnú, pleanáil a lorg agus dearadh a dhéanamh chun go bhforbrófar héileapad ar Inis Toirc, amach ó chósta Mhaigh Eo.

Dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh sé sásta go raibh ar chumas mo Roinne cuidiú le fhorbairt héileapad ar Inis Toirc atá ar na bacáin le fada an lá.

Roghnaíodh suíomh don fhorbairt níos túisce i mbliana ach fuarthas amach a nach raibh an suíomh sin feiliúnach.

"Beidh an héileapad ina áis thábhachtach do Gharda Chósta na hÉireann agus é tógtha," a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta.

Tagann an fógra seo sna sála ar bhunú choisteidir-rannach maidir le forbairt na n-oileán.

Tá 51 duine i gcónaí ar Inis Toirc atá naoi míle amach ó chósta Mhaigh Eo. Laghdaigh daonra an oileáin i ngach aon dhaonáireamh ó 1979.