Cuirfear fear as Maigh Eo ar a thriall sa Phríomh-Chúirt Choiriúil agus é cúisithe i ndúnmharú a bhean chéile.

Tugadh James Kilroy a bhfuil seoladh aige i gCill Bhrí Íochtair i gCathair na Mart os comhair Chúirt Dúiche Chaisleán an Bharraigh.

Fuarthas Valerie French Kilroy marbh ag teach an teaghlaigh taobh amuigh de Chathair na Mart ar 14 Meitheamh.

Dúirt an Garda Margaret O'Connor go raibh an t-iarratas a dhéanamh go gcuirfí James Kilroy ar a thriall ag suí na tréimhse seo den Phríomh-Chúirt Choiriúil.

Bronnadh saorchúnamh dlí ar James Kilroy.