Déanfar 75 foirgneamh i 24 contae a soilsiú le dathanna gorm agus bándearg tráthnóna mar chomhartha tacaíochta do theaghlaigh a chaill leanbh.

Tá seachtain eolais agus tacaíochta ar bun ar fud na cruinne ar a dtugtar 'Tonn an tSolais'.

Dúirt Nina Farrell atá ag cuidiú le 'Tonn an tSolais' a eagrú go lasfar foirgnimh idir 7-8pm i gcuimhne ar leanaí óga a cailleadh agus nár éirí leo filleadh abhaile.

Tá Ospidéal na hOllscoile Leitir Ceanainn i measc na bhfoirgneamh a soilseofar le dath gorm agus bándearg tráthnóna.

Dúirt grúpa ospidéal Saolta gur mian leo a thaispeáint do theaglaigh a chaill leanaí go bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh.

Tá an tseachtain feasachta ar bun le 17 bliain anuas ina ndéantar iarracht tuismitheoirí ar bhásaigh a leanaí i dtoircheas, i mbreith nó i naíónacht a thabhairt le chéile le cuimhniú agus le caint ar a muintir.