Tuairiscítear i bpáipéar nuachta an Guardian tráthnóna go bhfuil Príomhaire na Breataine Boris Johnson ar tí margadh a dhéanamh ar an Bhreatimeacht.  

Tuairiscítear go bhfuil teorainn chustaim i Muir Éireann mar chuid den socrú.  

Níos luaithe, dúirt príomhidirbheartaí an Aontais Eorpaigh ar an Bhreatimeacht, Michel Barnier nach raibh moltaí na Breataine maith go leor go fóill chun teacht ar shocrú aistarraingthe. 

Dúirt Michel Barnier go raibh go dtí deireadh an lae inniu ag an dá thaobh chun cáipéis dhithiúil a aontú, a d'fhéadfaí a chur os comhair cheannairí an Aontais Eorpaigh ag a gcruinniú mullaigh Déardaoin. 

Dúirt an Tánaiste inniu go mbeadh sé deacair, ach indéanta, teacht ar shocrú roimh an gcruinniú mullaigh sin. 

Rinne lucht idirbheartaíochta na Breataine moltaí nua le feidhmeannaigh de chuid an Aontais Eorpaigh ar maidin chun dul i ngleic le ceisteanna custaim agus agus ceist na teorann.

Aréir, bhí cruinniú 90 nóiméad ag PríomhAire na Breataine Boris Johnson le Ceannaire an DUP, Arlene Foster agus LeasCheannaire an DUP, Nigel Dodds.

"Thiocfadh socrú a bheith déanta faoi dheireadh na seachtaine seo," a dúirt Príomheadránaí Breatimeachta an Aontais Eorpaigh, Michel Barnier.

Ina chruinniú leis an Taoiseach an tseachtain seo caite, mhol PríomhAire na Breataine go bhfánfaidh Tuaisceart Éireann i gcríoch custam na Breataine ach go gcloífeadh siad le rialacha taraife an Aontais Eorpaigh.