Bhásaigh fear (31) de bharr a háite go luath ar maidin i mBaile Uí Lachnáin i gContae Bhaile Átha Cliath.

Gabhadh beirt fhear sna tríochaidí maidir leis an eachtra agus tá siad á gceistiú ag Stáisiún Ghardaí Sheanchille.

Tuigtear gur sáitheadh an fear, a bhfuil beirt clainne aige sa chliabhrach nuair a tharla easaontas idir ghrúpa fear i ndiaidh meánoíche.

Bhí aithne ag Gardaí ar an fhear a dúnmharaíodh ach tuigtear nach raibh lámh aige i gcoiriúlacht thromchúiseach nó i gcoiriúlacht eagraithe.

Dúirt fear a bhfuil cónaí air in aice le láthair an dúnmharaithe gur taifeadadh an méid a thit amach ar theilifís chiorcaid iata óna theach.

Tá Gardaí ag iarraidh ar aon nduine a bhfuil eolas acu faon eachtra dul i dteagmháil leo ag 01 6665900 nó 1800 666 111.