Tá a mbeannacht tugtha ag ballstáit an Aontais Eorpaigh do Michel Barnier príomheadránaí Breatimeachta an Aontais Eorpaigh tús a chur le dian-chainteanna leis an Ríocht Aontaithe.

Bhí cruinniú ag Michel Barnier le Rúnaí Breatimeachta na Ríochta Aontaithe, Stephen Barclay ar maidin. Cruinniu fiúntach a bhí ann, a deir an dá thaobh.

Údar misnigh nach rabhthas ag súil leis a bhí sa chomhráiteas a d'eisigh Leo Varadkar agus Príomhaire na Breataine, Boris Johnson i ndiaidh a gcruinniu i Sasana inné, inar dúradh go raibh an bheirt in ann bealach a fheiscint ina bhféadfaí teacht ar mhargadh faoi imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach.

Dúirt Leo Varadkar inniu gur chreid sé go mbeadh mionmholtaí á ndéanamh ag an Ríocht Aontaithe agus go bhféadfadh tuilleadh cainteanna a bheith mar thoradh orthu.

Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaigh Donald Tusk go raibh comhartha dóchais faighte aige ón dTaoiseach go bhféadfaí teacht ar shocrú.  

Chuir Sinn Féin fáilte roimh an scéal inniu go bhfuil an Bhreatain agus an tAontas Eorpach le dul i mbun tréimhse dianidirbheartaíochta.

I ráiteas a d'eisigh an DUP trathnóna, dúirt siad nach nglacfadh siad le haon socrú a d'fhágfadh Tuaisceart Éireann ceangailte leis an Aontas Eorpach nuair a bheadh an Ríocht Aontaithe imithe as.