Tá mí tugtha do theaghlach as Ros Comáin a dteach feirme a fhágáil ó rialaíodh san Ard-Chúirt inniu go raibh sé de cheart ag Banc KBC ordú cúirte a fháil chun iad a dhíbirt.

Bhain an scéal cáil náisiúnta amach i mí na Nollag seo caite nuair a hionsaíodh fir slándála a bhí fostaithe go príobháideach leis an teaghlach a chur amach as an dteach.

Dúirt an Breitheamh Senan Allen inniu go raibh sé sásta nach raibh aon cheart ag an teaghlach a bheith ag cur fúthú sa teach agus go raibh ordú sealbhaithe an bhainc iomlán bailí.

Tá Teaghlach na McGanns anois le hathchomharc a lorg ar chinneadh an lae inniu.