Tá triúr sáite in ionad siopadóireachta i Manchain. Deir poilíní go bhfuil fiosrúchán ar bun ag poilíní frith-sceimhlitheoireachta maidir leis an eachtra. 

Tharla an eachtra ag Ionad Siopadóireachta Arndale i gcroílár chathair Mhanchain.

B'éigean daoine a aistriú amach as an áit. Tógadh an cúigear a sáthadh go dtí an t-ospidéal. 

Gabhadh fear sna daicheadaí ag an láthair agus amhras ann go rinne sé tromionsaí. 

I mBealtaine 2017,  mharaigh buamadóir féinmharaithe 22 duine ag ceolchoirm Ariana Grande, ní i bhfad ó Ionad Siopadóireachta Arndale.