Táthar níos congaraí maidir le teacht ar chomhaontú chun an comhlacht déanta bus Wrightbus i gContae Aontroma a shabháil i ndiaidh gur ceapadh riathóir ar an gcomhlacht an mhí seo caite. 

Tá comhaontú déanta i bprionsabal maidir leis monarcha Wrightbus agus na taillte a dhíol leis an bhfear gnó Joe Bamford.

Deir na Ceardchumainn go bhfuil súil acu gur féidir an chuid is mó de na postanna a chaill 1,200 oibrí ar an mBaile Meánach a shabháil. 

Tá an comhlacht déanta bus atá lonnaithe ar an mBaile Meánach ar cheann de na fostóirí is mó i dTuaisceart Éireann.