Cúisíodh Conor McGregor in ionsaí a dhéanamh ar fhear i dTeach Tábhairne i mBaile Átha Cliath níos luaithe i mbliana. 

Tháinig an trodaire ealaíona comhraic measctha os comhair na cúirte Dúiche ar maidin inniu agus é curtha ina leith go rinne sé ionsaí ar Desmond Keogh ag an dTeach Tábhairne The Marble Arch i nDroimeanach ar an 6ú Aibreáin. 

Tháinig Conor McGregor atá 31 bliain d'aois agus le seoladh baile ag Caisleán na Bantiarna, Teacht Srafáin, Contae Chill Dara, i BMW dubh agus beirt fhear slandála ina theannta. 

Chuir an Breitheamh Marie Keane siar faoi choinneáil é agus tiocfaidh sé os comhair na cúirte dúiche arís an mhí seo chugainn.