Cuireadh tús arís ar maidin le cuardach d'iascaire atá ar iarraidh amach ó cheantar Dhún Mánais in Iarthar Chorcaí. Tá an t-iascaire ar iarraidh ó thráthnóna Dé Céadaoin. 

Bhí an t-iascaire a bhí sna fichidí le filleadh ar ais ag a 6pm Dé Ceadaoin agus nuair nár fhill sé cuireadh na seirbhísí éigeandála ar an eolas. 

Tá an long cabhlaigh an LE George Bernard Shaw, Bád Tarrthála Bhaile Chaisleáin Bhéarra, roinnt báid áitiúla agus Foireann Tumadóireachta an Chabhlaigh ag cabhrú leis an gcuardach chomh maith. 

Bhí an t-iascaire ar bhád an 'Tony Oar'. Tuigtear go raibh sé ag iascach ó mhaidin i mBá Dhún Mánais ar chósta thiar Chontae Chorcaí.

Is iad Garda Cósta Dhairbhre atá ag comhordú an chuardaigh agus iad ag obair leis an Garda Síochána.