Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar agus PríomhAire na Breataine Boris Johnson go bhféadfaidh teacht ar mhargadh go fóill i gcás an Bhreatimeachta.

Dúirt an bheirt cheannairí go raibh 'cruinniú fiúntach agus mionsonraithe' acu i gcomhráiteas.

I dTeach Thornton in Wirral, Chesire, Sasana a cuireadh an cruinniú ar bun ar maidin.

Cúrsaí custaim agus toilithe an dá rud ba mhó a pléadh, dar leis an ráiteas.

Tá an Taoiseach chun dul i gcomhairle le Táscfhórsa an Aontais Eorpaigh i bhfianaise phlé an chruinnithe.

Beidh cruinniú ag Rúnaí Breatimeachta na Breataine, Stephen Barclay le príomheadranaí an Aontais Eorpaigh, Michel Barnier maidin amárach.