D'éirigh le duine atá i gcoinne athrú aeráide moill uair a chloig go leith a chur ar eitilt de chuid Aer Lingus i Londain ar maidin.

Bhí eitilt EI283 le himeacht ó Aerfort Chathair Londain go dtí Aerfort Bhaile Átha Cliath ag 9.40am ach níor éirigh leis imeacht go dtí 11.16am.

Nuair a bhí an t-eitleán ar tí éirí in airde, sheas an fear suas agus thosaigh sé ag caint ar an ghéarchéim aeráide. Dhiúltaigh sé suí síos nuair a hiarradh air.

D’innill an píolóta an t-eitleán ón rúidbhealach ar ais go dtí an geata. Tháinig póilíní ar bord agus thóg siad an fear leo.

Dheimnigh Air Lingus gur cuireadh paisinéir d’eitilt EI283, eitilt ó Aerfort Chathair Londain go dtí Aerfort Bhaile Átha Cliath toisc gur chuir sé isteach ar an eitilt agus ghabh siad leithscéal le paisinéirí.