Dúirt Bainisteoir Chomharchumann Thoraí nach bhfuil socrú déanta go fóill faoin chonradh don tseirbhís farantóireachta bád gasta go dtí an t-oileán.

Tuigtear nach bhfuil conradh i bhfeidhm leis an tseirbhís a reáchtáil ó mhí Aibreán mar gheall ar dhúshlán cúirte a bhaineann leis an phróiseas tairisceana don tseirbhís.

Conradh dhá bhliain a bhí i gceist ina chuirfí dhá thuras fillte sa lá ar fáil seacht lá na seachtaine.

Costas measta €220,000 a luaíodh leis an chonradh. Dúradh go mbeadh an bád farantóireachta lonnaithe ag céibh Thoraí.

Dúirt Marjorie Uí Chearrbhaill, Bainisteoir Comharchumann Thoraí le RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil súil acu go dtiocfar ar réiteach roimh thús an gheimhridh mar go bhfuil tábhacht ar leith leis an tseirbhís i rith an gheimhridh.