Fuarthas cnámha iontaisithe ó ainmhí amfaibiach a bhí in iarthar na tíre 325 milliún bliain ó shin ar thrá in aice le Dúlainn i gContae an Chláir.

Thángthas ar na cnámha i ndiaidh stoirme. Meastar gur cnámha  iad ó ainmhí a bhí ar an saol sula bhfacthas an t-earc luachra in Éirinn.

Déanann an geolaí, an Dr Eamon Doyle cur síos ar na cnámha in alt nua in Iris, Irish Journal of Earth Sciences.

Deir an Dr Doyle go mbaineann na cnámha leis an tréimhse charbónmhara, tréimhse ar éabhlóidigh amfaibiaigh ó iasc le bheith ina n-ainmhithe.

Tá na cnámha a bhfuarthas 10mm ar fhad. Measann an Dr Doyle nárbh cosúil go raibh an t-ainmhí a bhí i gceist aon cheo níos mó ná bos na láimhe.