Tuairiscíonn RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil deimhniú faighte acu go mbeidh an eagraíocht chultúrtha Comhaltas Ceoltóirí Éireann faoi chúram na Comhairle Ealaíon feasta. 

Deir RnaG go bhfuil imní léirithe ag Ard-Stiúrthóir an Chomhaltais Labhrás Ó Murchú go bhféadfadh sé dá bharr seo go gcuirfí deireadh le cuid mhaith de na cláir, ranganna agus imeachtaí ceoil a chuireann an eagraíocht ar fáil ar fud na tíre agus thar lear. 

Labhrás Ó Murchú

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin sa Dáil inniu go ndéanfaidh sé an-dochar don obair atá ar siúl ag an gComhaltas má bhíonn siad faoi chúram na Comhairle Ealaíon. 

Dúirt sé go gur bealach é le buiséad an Chomhaltais a chur isteach le buiséad na Comhairle Ealaíon agus go mbeidh ceisteanna le cur faoi gcaoi a n-oibreodh an dá eagraíocht amach anseo. 

Faigheann Comhaltas Ceoltóirí Éireann €1.6 milliún ón Stát in aghaidh na bliana.