Beidh cruinniú ag an Taoiseach Leo Varadkar le Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson in iarthuaisceart Shasana ag am lóin amárach le himeacht na Breataine as an Aontas Eorpach a phlé.

Dúirt príomh-idirbheartaí an Aontais maidir le himeacht na Breataine, Michel Barnier, go bhfuil dóchas aige i gcónaí gur féidir teacht ar shocrú aistarraingthe. 

D'admhaigh sé mar sin féin gur dúshlán a bheadh ann teacht ar shocrú, agus nach bhfuil an chuma ar an scéal ag an tráth seo go dtiocfar.

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker tráthnóna nach bhfuil sé ag cur socrú as an áireamh, ach nach raibh aon ghlacadh aige le cleasaíocht na Breataine an milleán ar fad a chur ar an Aontas Eorpach. 

Tuairiscíodh ar nuachtán an Times i Londain inniu go raibh plean á chur i dtoll a chéile ag oifigigh an Aontais ag géilleadh - de ghrá an réitigh - do chuid de na mianta atá ag Rialtas na Breataine.

Tuairiscíodh gur faoi Chomthionól Stormont a bheadh sé imeacht ó shrianta an chúlstad tar éis achair áirithe.

Tá na tuairiscí seo séanta go láidir ag an Aontas inniu.

Sa Dáil inniu, rinne an Taoiseach beag is fiú de mholtaí ó fhoinsí nár ainmníodh faoi féin agus faoi Sheansailéir na Gearmáine Angel Merkel a bhí luaite i bpáipéir nuachta inniu.

Dúirt sé nach fiú mórán suntais a thabhairt do ráitis a thagann ó fhoinsí gan ainm - is cuma ó Shráid Downing nó ó Rialtas na hÉireann iad. Má tá moladh le déanamh, déantar é go hoscailte agus go poiblí, a dúirt sé. 

Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe go bhfuil an Rialtas fós ag iarraidh oibriú i gcomhar leis an mBreatain le réiteach a fháil ar an tsáinn ina bhfuil cúrsaí. Dúirt sé go bhfuil an oiread sin i ngeall leis nach bhfuil de rogha ag an dá dhream ach labhairt le chéile go dáiríre. 

Ag labhairt dó le raidió an BBC ar maidin, shéan an tAire Donohoe go raibh Rialtas na hÉireann ag iarraidh aon dream a chur i ngaiste.