D'iarr ceannaire Fhianna Fáil Michéal Martin sa Dáil go dtabharfadh an Rialtas reachtaíocht isteach le cosc a chur ar dhíol toitíní leictreonacha agus táirgí vápála le daoine óga faoi bhun ocht mbliana déag d'aois faoi mar atá maidir le díol tobac.

Mhaígh Micheál Martin go bhfuil blas agus dath difriúil curtha ar na toitíní seo chun daoine óga mhealladh le hiad a cheannach.

Dhearbhaigh taighdeoirí sna Stáit Aontaithe an tseachtain seo caite, a dúirt Micheál Martin, gur bhásaigh naoi nduine dhéag de bharr na toitíní seo a bheith caite acu agus go bhfuil damáiste déanta do scamhóga míle duine eile.

Is é Micheál Martin a thug isteach an cosc ar thobac a chaitheamh i dtithe tábhairne, i mbialanna agus in áiteanna poiblí eile nuair a bhí sé ina Aire Sláinte sa bhliain 2004.