Dúradh san Ard-Chúirt go raibh a fhios ag oifigigh i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath -  agus gur mhol siad go deimhin - go dtabharfaí airgead do bheirt choirpeach le nach gcuirfí bac ar thógáil tithe i mBaile Formaid sna blianta 2016 agus 2017.

Tugadh le fios sa chúirt gur íoc trí chomhlacht tógála idir €1,200 agus €1,500 sa tseachtain leis na fir le nach ndeanfaí ionsaithe ar oibrithe agus ar na láithreacha tógála a bhí i gceist.

Dúirt oifigeach ón mBiúró um Sócmhainní Coiriúla go ndúirt oifigigh na Comhairle Cathrach leis na tógálaithe go raibh an bheirt fhear - Derek O'Driscoll agus David Reilly - ag déanamh obair slándála agus go gcinnteoidís nach dtarlódh aon trioblóid ar na láithreacha tógála.

Dúradh gur íocadh idir €1,200 agus €1,500 sa tseachtain leis an mbeirt choirpeach.

Tá os cionn €250,000 a bhí i gcuntais bhainc na beirte coigistithe ag an mBiúró, chomh maith le teach soghluaiste agus leantóir capaill.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan go bhfuil sé ag cur isteach go mór air gur mhol oifigigh i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go dtabharfaí an t-airgead don bheirt choirpeach.

Thug Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris le fios go bhfuil fiosrúchán ar bun i gcónaí faoin gcás seo agus go bhfuil tuilleadh eolais le teacht amach fós. Níor mhaith leis tada eile a rá faoin scéal go dtí sin, a dúirt sé.