Glacadh sa Dáil aréir leis na príomhathruithe i dtaobh cánach a fógraíodh sa Bhuiséad inné- an t-ardú ar cháin charbóin ina measc. 

Mhaígh an Taoiseach Leo Varadkar go gcosnódh an cháin charbóin na daoine is laige sa tsochaí agus go rachadh sé i ngleic le hathrú aeráide freisin. Dúirt sé gur beart suntasach a bhí ann. 

Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe go mbainfí leas as an ioncam ón gcáin le beartais nua maidir le hathrú aeráide a thabhairt isteach. 

Dúirt sé go gcaithfear é a ardú de réir a chéile ar bhealach a thabharfas deis do shaoránaigh, d'fheirmeoirí, do theaghlaigh agus do lucht gnó a bheith réitithe faoina choinne.

Ag labhairt dó ar Raidió RTÉ, dúirt an tAire go raibh ciall cheannaithe aige ó chonspóid na dtáillí uisce agus an chaoi ar éirigh daoine amach ina n-aghaidh.

D'ardaigh praghas peitril agus díosail ag meánoíche aréir chomh maith le praghas toitíní. Ní ardófar praghas breoslaí eile go dtí go mbeidh an geimhreadh caite

Déanfar tuilleadh ráiteas ar an mBuiséad sa Dáil tráthnóna inniu.