Beidh sé deacair, dar leis an Taoiseach Leo Varadkar, socrú a bheith déanta faoin imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach roimh an tseachtain seo chugainn.

Ag labhairt dó ar Nuacht RTÉ aréir, dúirt sé go n-oibreodh sé go dtí an sprioc dheiridh féachaint le margadh a dhéanamh fad is nach gcosnódh sé aon cheo ar an tír seo.

Dúirt sé go bhfuil bearnaí móra fós idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain faoi cheisteanna bunúsacha. 

Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe go bhfuil an Rialtas fós ag iarraidh oibriú i gcomhar leis an mBreatain le réiteach a fháil ar an tsáinn ina bhfuil cúrsaí. Dúirt sé go bhfuil an oiread sin i ngeall leis nach bhfuil de rogha ag an dá dhream ach labhairt le chéile go dáiríre. 

Ag labhairt dó le raidió an BBC ar maidin, shéan an tAire Donohoe go raibh Rialtas na hÉireann ag iarraidh aon dream a chur i ngaiste.