Gortaíodh go dona beirt bhuachaillí scoile i dtionóisc bhóthair i gCo Dhún na nGall tráthnóna. 

Deir na Gardaí gur leag bus an bheirt bhuachaillí ar bhóthar Inbhir in aice Thamhnach an tSalainn go gairid roimh 5 a chlog tráthnóna.

Tugadh an bheirt bhuachaill chuig Ospidéal Leitir Ceannain, agus cé go bhfuil siad gortaithe go dona tuigtear nach bhfuil a mbeatha i mbaol.