Tuilleadh aiseolais pholaitiúil i leith Bhuiséad 2020 ó pholaiteoirí ar labhair Nuacht RTÉ/TG4 leo:

Thomas Byrne TD, Fianna Fáil: "Tá gach rud maidir leis an mBuiséad faoi scáth an Bhreatimeachta.  Níl morán i ndairíre ag tarlú sa Bhuiséad seo. Tá roinnt rudaí beaga ann, ach ag an am céanna caithfidh muid gach rud a dhéanamh leis an tír seo a chosaint.

Tá an dainséar eacnamaíochta agus sóisialta ag teacht leis an mBreatimeacht, go háirithe muna dtiocfar ar chomhaontú. Tá muid buartha faoi sin.

Bhí a lán rudaí geallta ag an Rialtas sa Bhuiséad anuraidh. Da mba rud é go raibh siad in ann  na rudaí sin a chur i bhfeidhm, bheadh rudaí níos fearr sa tír seo."

Bríd Smith TD, Pobal Seachas Brabús: "Dúirt Paschal Donohoe inniu go bhfuil ag éirí leis na páirtithe sa lár ach cén mhaith é sin do dhaoine atá thíos leis de bharr na géarchéime tithíochta, na géarchéime i gcúrsaí sláinte agus an ghéarchéim aeráide.

Caillfidh na mílte daoine a gcuid postanna i mBord na Móna agus san ESB agus níl go leor déanta dóibh."

Catherine Martin TD, Comhaontas Glas: "Ligeadh síos an earnáil oideachais tríú leibhéal agus na daltaí atá ansin. Níl aon chabhair ar chor ar bith do na daoine a bhfuil tithe ar cíos acu agus ní hé seo an Buiséad atá ag teastáil le linn géarchéim aeráide.

Aodhán Ó Ríordáin, Seanadóir, Páirtí an Lucht Oibre: "Is Buiséad Breatimeachta atá i gceist anseo agus is léir go bhfuil an Rialtas ag tabhairt aghaidh ar an gcéad olltogchán eile. Ní dóigh liom go bhfuil morán ansin dóibh siúd atá thíos leis agus is dóigh liom go bhfuil an-chuid ansin dóibh siúd atá b'fhéidir níos fearr as agus a bhfuil cumhacht acu ó thaobh a bheith ag caitheamh vóta de.

Tá ionadh an domhain orm mar gheall ar an mBuiséad atá ann dóibh siúd atá ag brath ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Tá díomá orainn. D'fhéadfadh an Rialtas i bhfad níos mó a dhéanamh dóibh siúd atá thíos leis. Tá rudaí beaga sa Bhuiséad ach ó thaobh ráiteas mór milteach faoi chúrsaí tithíochta, nó cúrsaí oideachais agus sláinte, beidh díoma ar go leor daoine ar fud na tíre inniu."