Bhí cur chuige thar a bheith eagsúíl idir an tuairisc a rinneadh sa Ghearmáin agus sa mBreatain ar an nglaoch fóin idir Boris Johnson agus Angela Merkel ar maidin.

Dúirt urlabhraí sa nGearmáin gur labhair an bheirt cheannairí ar an bhfón, ach gur glaoch príobháideach a bhí ann agus nach mbeadh aon ní á rá i leith an phlé a rinne an bheirt cheannairí.

Níorbh ionann sin agus an cur chuige i Londain, áit ar tugadh le fios d'iriseoirí go ndúirt an Seainsiléir Merkel go gcaithfeadh Tuaisceart Éireann fanacht go deo san aontas custaim, agus go mbeadh veto ag Éirinn ar an Tuaisceart á fhágáil.

Dúirt urlabhraí rialtais Londain go mbeadh sé dodhéanta aon socrú nua a bhaint amach dá mba é seo seasamh nua an Aontais Eorpaigh. Ba léir freisin, a dúradh, go raibh fonn ar an Aontas Eorpach poll a chur i gComhaontú Aoine an Chéasta.

Ach shéan an Coimisiún Eorpach é sin láithreach á rá go raibh an AE ag obair chun socrú a fháil leis an Ríocht Aontaithe, agus nach raibh cúinsí ar bith ann ina ndéanfaadh an tAontas dochar do Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Deir lucht an fhreasúra i Westminster go bhfuil an Rialtas ag tabhairt anuas na cainteanna sé lá tar éis dóibh moltaí a chur ar an mbord. Dar leis an Lucht Oibre nach féidir aon bhrí eile a bhaint as seo ach gur moltaí iad seo a cuireadh chun cinn le go dteipfeadh orthu.

Ach d'fhreagair an Rialtas á rá gur ghníomhaigh an Bhreatain agus na moltaí seo á ndéanamh agus go bhfuil sé in am don AE gníomhú anois. Má tharlaíonn sé seo, a deir siad, is féidir socrú nua a bhaint amach.

Dúirt Donald Tusk, Uachtarán Chomisiún na hEorpa gur 'cluiche amaideach milleáin' a bhí á imirt ag Boris Johnson, tráth a bhí todhchaí a thíre féin agus na hEorpa faoi chaibidil