Tá €1 millún breise caipitil ceadaithe d'Údarás na Gaeltachta sa Bhuiséad a d'fhógair an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe inniu. €10 milliún a bheas sa chiste iomlán.

Fógraíodh €200,000 breise do chomharchumainn Ghaeltachta agus €500,000 breise don phróiséas pleanála teanga in 2020. 

Deir Conradh na Gaeilge nach bhfuil an Buiséad cothrom ar an nGaeilge ná ar an nGaeltacht agus tá an eagraíocht ag éileamh go dtabharfaí "ardú sásúil" dóibh sna meastachán athbhreithnithe roimh an Nollaig.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go bhfuil dhá oiread an €2.4 milliún a ceadaíodh don Ghaeilge faighte ag an gComhairle Ealaíon amháin do 2020: 

"Níl aon fhadhb againn le breis airgid do na healaíona, agus cuireann muid fáilte roimhe sin, ach ba chóir go mbeadh cothrom na Féinne ann don teanga agus don Ghaeltacht chomh maith."